Questions? +1 (202) 335-3939 Login
Trusted News Since 1995
A service for agriculture industry professionals · Thursday, March 28, 2024 · 699,588,780 Articles · 3+ Million Readers

Feachtas Ollmhór Fógartha ag an Aire Creed i dtaobh Éagsúlacht an Mhargaidh Maoiniú breise €6.745 milliún do Bhord Bia in 2017 chomh maith le misean trádála chuig an tSeapáin agus chuig an gCóiré Theas i mí na Samhna Tábhacht mhór le tosaíocht a tha…

Tá maoiniú breise €6.745 milliún fógartha ag an Aire Michael Creed T.D. do Bhord Bia chun tabhairt faoi chlár breisghníomhaíochtaí chun tacú leis na hearnálacha bia agus dí le dul i ngleic leis na dúshláin margaidh a bhaineann leis an mBreatimeacht.

Is cuid de straitéis níos leithne é seo faoina dtabharfar le chéile iarrachtaí na Roinne rochtain a fháil ar an margadh le hobair gníomhaireachtaí ar nós Bord Bia agus Fiontraíocht Éireann. Bainfear úsáid freisin as líonra Ambasáidí na hÉireann mar mhol chun próifíl earnáil bia na hÉireann a fhorbairt agus chun rochtain ar réimse níos leithne margaí ar fud an domhain a fheabhsú.  

Is maoiniú é seo sa mbreis ar an €1.6 milliún a tugadh do Bhord Bia i bhFómhar 2016 i leith deontas chun cabhrú le cuideachtaí bia atá ag brath go mór ar mhargadh na Ríochta Aontaithe agus sa mbreis ar an €2 mhilliún a tugadh do Bhord Bia cheana féin in 2017 chun níos mó airgid a chaitheamh ar chláir.

Agus an maoiniú breise €6.745 milliún á fhógairt aige do Bhord Bia, dúirt an tAire "Tá an clár gníomhaíochtaí seo bunaithe ar an anailís a ndearnadh ar shonraí a bhain le staidéar a rinne Bord Bia ar an tionchar a bheadh ag an mBreatimeacht inar ghlac 139 cuideachta bia, dí agus gairneoireachta páirt ann chomh maith le toradh m'iarratas ar Bhord Bia tabhairt faoi mhórchleachtadh tosaíochta margaidh chun na deiseanna is fearr d'fhás inmharthanach sna hearnálacha éagsúla a aithint.  

Is clár fadréimseach, uaillmhianach é seo a ndearnadh go leor machnaimh air.   Is cuid oiriúnach é an clár seo, i mo thuairim féin, d'fhreagra na hÉireann ar na dúshláin margaíochta a chuireann an Breatimeacht os ár gcomhair maidir le forbairt agus éagsúlú gnó.

Clár é an clár a fógraíodh inniu atá sa mbreis ar roinnt tionscnamh eile atá fógartha ag an Aire Creed cheana féin. Áirítear orthu sin, athrú ar an mbealach a bhí ag an Roinn le rochtain a fháil ar an margadh agus acmhainní breise a sholáthar chun na críche sin, láithreán gréasáin tairsigh nua a fhorbairt a thabharfaidh réimse iomlán na margaí oscailte agus táirgí agus na coinníollacha ábhartha deimhniúcháin le chéile in áit amháin d'onnmhaireoirí ar bhealach a bheidh éasca le húsáid, agus clár ar na misin trádála chun deis a thabhairt d'onnmhaireoirí na hÉireann próifíl agus láithreacht margaidh a fhorbairt i dtríú tíortha. 

Tá dhea-thoradh ar iarrachtaí na roinne agus a cuid gníomhaireachtaí rochtain a fháil ar an margadh cheana féin le blianta beaga anuas le hardú 13% go tuairim is €3.5 billiún ar luach na n-onnmhairithe bia agus dí chuig margaí idirnáisiúnta. Is é an aidhm anois an obair sin a neartú tuilleadh ar bhealach straitéiseach. 

Ag tagairt don straitéis níos leithne sin dúirt an tAire "Is cuid den chur chun cinn iomlán é an maoiniú seo do chomhstraitéis rialtais, gníomhaireachta, tionscail agus cuideachta d'éagsúlú an mhargaidh mar chuid den fhreagra ar na dúshláin a d'fhéadfadh an Breatimeacht a chruthú agus atá le brath cheana féin sa luaineacht airgeadra.  Tá mé fíorshásta go mbeidh buntáiste ag cuideachtaí a bhíonn ag brath go háirithe ar mhargadh na Ríochta Aontaithe as an €250,000 i ndeontais margaíochta, arb ionann é agus caiteachas réamh-mheasta iomlán de €1.45 milliún ar dheontais scéime in 2017 agus go bhfuil €200,000 eile beartaithe chun leanúint leis an tacaíocht a thugtar do chuideachtaí gairneoireachta atá ag tabhairt faoi thionscadail bharainneacha agus ag cur leo. “ 

Dúirt sé freisin: "Beidh mé ag stiúradh misean trádála chuig an tSeapáin agus chuig Poblacht na Cóiré i mí na Samhna.    Freastalaíodh ar mhisin trádála le bliain anuas sa tSín, i Singeapór, san Afraic Thuaidh, i Stáit na Murascaille, sna Stáit Aontaithe agus i Meicsiceo.  "Is faoi stiúir an Aire Doyle a tugadh faoi mhisean trádála chuig Vítneam agus chuig Poblacht na Cóiré chomh maith.  Tá a láithreacht idirnáisiúnta neartaithe ag an Roinn agus tá naisc déanta anois againn le tíortha laistigh agus lasmuigh den AE, Washington, Béising agus Abú Daibí ina measc. 

Oibríonn an Roinn seo go dlúth le líonra ambasáidí na hÉireann, agus le Bord Bia, a bhfuil oifigigh lonnaithe acu ar fud an domhain, agus d'oscail na hoifigí is nuaí acu sin le gairid i Singeapór agus i Vársá.

Thug an tAire ar aird go bhfuil an €6.7 milliún sin comhdhéanta de €300,000 breise ar mhaithe le tosaíocht a thabhairt don mhargadh, €4.4 milliún don mhargadh a chur chun cinn agus ar thacaíochtaí i margaí idirnáisiúnta, na Ríochta Aontaithe agus AE eile, €1.6 milliún chun na próisis margaíochta straitéiseacha a neartú agus €400,000 maoinithe do MSc i Léargas agus i Nuálaíocht in Ollscoil na hÉireann Má Nuad ar feadh dhá bhliain a sheol Bord Bia le gairid.

Added 11.09.2017

Tara McCarthy, Príomhfheidhmeannach Bhord Bia leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, agus maoiniú breise €6.7 milliún á fhógairt aige inniu do Bhord Bia chun cabhrú le honnmhaireoirí Bia na hÉireann deiseanna nua a chruthú. 

 

CRÍOCH

Date Released: 11 September 2017

Powered by EIN Presswire


EIN Presswire does not exercise editorial control over third-party content provided, uploaded, published, or distributed by users of EIN Presswire. We are a distributor, not a publisher, of 3rd party content. Such content may contain the views, opinions, statements, offers, and other material of the respective users, suppliers, participants, or authors.

Submit your press release